Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 070
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Oidhche dáraibh Denny Ó Néill sa tig againn...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Ó barra na "Maolaighe" cloistear fiolair ag screadaig
Ó níl áit fé ioghair spéire níos oireamhnaidhe d'on fille
Ná an t-oileáinín meallach na bhfuil cabhlach na cille.(III)
'S minic nuair thaitn an ghrian os cionn Cleíre
A's d'aibig an fraoch ar Shléibhte Íbhearach
Seadh d'fágas mo bhaile tá suidhthe cois mara
Chum cuaird do thabhairt ortsa a Ghleann Bhig Naomh Barra
'S an' do smaoineas ar bárdaibh do bhí casta le chéile
I bhfoithin ná foille nó fé scáth san mbéilic
Cois sruthán ar fán ar "eagal" (eagla) a lámhaidhte
Do chum siad a ndánta go dúbhach brónach cráidhte(IV)
Sa chré bead-sa leaghacta acht beidh m'ainm luaidhte
Nuair eireóchaidh le Gaedheal a's ar Gall a bheidh buaidhte
Tiocfhaidh duanaire éigin nuair bheidh saoirse ag Éire
A's an ghrian ag gabháil siar di fé chiumháis na Spéire
Ar m'uaigse go fuigheach a shilfhidh a dheora
San áit sin cois "Aba-Bhuidhe" na bhfuil an muir mhór mar theora.(leanann ar an chéad leathanach eile)