Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 045
- XML “An Gadaí Glic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)capaill ráis aige. Bhí talamh, stoc agus stór aige. Airgead le caitheamh aige. A dhóthain ne nithe agus le nól aige agus é go seasgair sásta. Ní raibh de mhuirighin air ach aon ingean amháin agus d'fás sí sin suas na cailín dathamhail glan. Bhí fear aimsire aige agus é na chómhnuidhe i mbothánín beag a bhí tímceall a's leath mhíle nó mar sin ó thig an duine uasail. Bhí an-uraim aige dá mháistir agus an chion ag an máistir air mar fear dob eadh é a bhí ábalta ar a ghnó a dheanamh go maith agus isé do dheineadh é leis do dílís agus go cúramach.
Bhí aon mhac amháin ag an bhfear so agus Seán dob ainm do agus má bhí an diaghal riamh istig i gcroidhe aon gharsúin bhí sé istig i gcroidhe Sheáin. Ní dócha gur rugadh riamh garsún a bhí cómh aimhleasach leis. Bhí na cómharsain cortha ó bheith 'á ghearán le na athair agus an t-athair bocht cortha ó bheith ag gabháil air. Bhí croidhe an duine bhoict briste aige. D'fás Seán suas na stracaire bhreágh láidir act ag dul i nolcas a bhí sé d'réir mar a bhí sé ag dul in aois.
Bhí sean-bhean na cómhnuidhe i ngar do agus bhí dhá ghabhar aice agus níor bhreághtha le Seáinín sport a bhíodh aige ná ag plé uirri. Ar feadh i bhfad do chuir sí suas leis an tarcuisne a bhí aice 'á fagháil uaidh. Bhí a fhios aice dá ngeáranfhadh sí é leis an nduine-uasal go gcaithfeadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)