Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 037

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 037

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 037
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Ar an nDrom-Ruadh (Dromroc) cúpla míle soir ó Bheanntraighe tá lios...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    na lasáin agus na cipíní soluis chómh flúirseach ag daoine an uair úd agus atáid anois.
    Nuair thángadar go béal a leasa do shéideadar ar na sméaroidí agus ní ró-fhada do thóg sé orra an scolb do lasadh. Isteach leó sa lios agus bhí an dithneas cómh mór san orra gur dearmhadadar an mála amuigh na ndiaidh. Tar éis tamall maith do chaiteamh ag cuardach agus gan pioc aimsighthe aca do tháinig séitheóg gaoithe isteach ó áit éigin agus do cuireadh an solas i ndéag. Bhí an buiceád in a raibh na sméaroidí leaghtha ar an urlár in áit éigin act pe'cu aimseóchaidís é nó ná haimseócaidís ba mhar a chéile dhóíbh é mar do snapadh an scolb giúise amach a' lamh an te aige go raibh sí.
    Geallaim duit nách airgead do bhí ag deanamh buadhartha dóibh annsan act thabharfaidís a bhfeacadar riamh dá neireóchadh leó an lios d'fágaint. Bhí cúpla uair a chloig nó trí caithte istig sa líos aca agus allus ag tuitim díobh na bhraonaca nuair chonnaiceadar dar leó caíthíní soluis ag teacht nó ag briseadh isteach tríd an ndoircheacht. Siúd ar agaidh iad fé dhéin na h-áite ó nar cheapadar an solus do bheith ag teacht act má seadh siúd na gcoinnibh sruthan de uisge bog mar a shamhluigheadar. Ba gheárr go raibh sé go ghlúinibh orra. Nuair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge