Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 018](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0283%2FCBES_0283_018.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 018
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 018
- XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
- XML “Ór agus Airgead i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Agus seo an tarna sgéal:- Bhí buacaill do muinntir Mhurchadha na chómhnuidhe i [?]-na-Leabhar. Bhí sé tímcheall bliadhain agus fiche d'aois, agus ar nós buacaillí na haimsire[?] sin bhí caoirig agus ba seasga aige agus é ag deanamh do féin. Bhí taidreamh aige aon oidhche amháin go raibh sé na sheasamh ar Droichead Charraig-an-Eas agus go dtáinig bean amach as an gCaislean. Do chuaidh sí isteach i ngairdín na mbláth "a bhíodh le hais an droicid fadó". Do chrom sí ar lógóireacht agus i gcionn tamaill do chiunaig sí agus thosnuig sí ag cainnt léi féin agus sé an rud d'airig sé í á rádh ná:- 'Ocón mo brón tá mo chuid óir agus mo phéarlaí néata annso[?] go doimhin fé thalamh. Ó an dtiocfhaidh éinne go deó chum iad d'fagháil dom. Chuir an buachaill sraoth as agus nuair d'airig an bhean é diompuigh sí agus sgeón na súile. Do labhair(leanann ar an chéad leathanach eile)