Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 013
  3. XML “An Críoch do Rug ar an tSeanchaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Cathair na Trae" agus nithe de'n tsaghas san. Níor chuireas aon suim sa chainnt a bhíodh aige mar bhíos ró-óg agus cailleadh an fear boct ar thaobh an chnuic cúpla lá roimh aonach beag na Nodhlag. Bhíodh an t-aonach san ann ar gceathramhadh lá deug de Mí na Nodhlag.
    Dá maireadh sé cúpla bliadhain eile go dtí go rabhas-sa ábalta ar an Ghaedhluinn do scríobhadh agus na sgéalta do thógaint síos uaidh d'feadfhainn na ceadta leabhair do lionadh agus ní raimeís a bheadh ionta. Bé an t-aon tseanachuidhe amháin a bhí sa ghleann é gur bhfiú do duine éisteacht leis.
    Bhí mach ag Diarmuid agus Seán na Tae a thugaimís air toisg go raibh sé mar chéird aige bheith ag díol tae. Bligeárd dob eadh é agus níor réidhtig sé féin agus a athair riamh le chéile.
    Níor réidhtig an fear ceadhna le haoinne sa ghleann mar bhíodh cú aige agus ó Lá Samhna go Lá Bealthaine níor stad sé act ag fiadhach agus bhí a raibh de chaoirig sa ghleann séidhte "seac geal" aige. Bhí fice caora nó mar sin ag Diarmuid agus thugadh sé cuaird fé'n gcnoc anois agus arís ghá bhfeiscint agus aon uair go mbíodh ceann aca ar fán uaidh ghlaodhach sé chúghainn-na isteach nuair a bhíodh sé ag filleadh ó'n gcnoc feacaint an mbeadh a tuairisg ag buachaillí an bhaile.
    Aon uair a thagadh sé gheibheadh sé baisín tae agus cannta aráin agus annsan is eadh thosnuigheadh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge