Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)phinginn ruadh istig ann. Níor chuir san aon "garrbuaic" ("cora bhuais") orra mar shíleadar ní nárbh iongnadh gur istig sa bhannc a bhí sé aige. Bhí a fhios acu gur ceart do adhmáil ón mbannc do bheith aige agus toisg go raibh sé beagainín greannmhar a'n féin cheapadar gurb amhlaidh do chaill sé é. Chuadar go dtí an bannc lá'r na 'mháireach acht ní raibh tásg ná tuairsg ar airgid ann. Do hínnseadh dóibh nár chuir an fear ceadhna pingin riamh isteach sa bhannc.
Annsan iseadh thuit an lug ar an lag aca. Bhíodar tar éis é chur agus chaitheadar cailleamhaint leis. Níor thaithn sé sin ró mhaith leó nídh ná loct orra é. Ach cár imthig an tairgead nó cad do dhein sé leis? Bin í an cheist a bhí ag deanamh buadhartha dóibh. Bin í an t-aon cheist amháin nárbh fhéidir leó do fhreagairt nó do réidhteach.
D'fhan an sgéal mar sin do dtí cúpla bliadhain ó shoin. Tá cúpla páirc siar ó'n dtig nuadh do tógadh blianta ó shoin ann, agus an fear atá na chómnuidhe ann anois do leag sé an claidhe atá idir an dá pháirc chun aon pháirc amháin a dheanamh díobh araon.
Ag gabháil do'n obair do do bhuail trí nó ceathair de bhoscaibh leis a bhí itte le meirg(leanann ar an chéad leathanach eile)