Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “Seancheirdeanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh na fir ana deas-lámhach fadó. Deinidís cliabháin scíothóga buataí puraí agus ughmacha as slata sailí agus tuighí a bhíodh ag fás aca féin. Deinidís buadhraí agus téadteacha do clúimh chapaill. Seo mar a dheinidís an téad clúimh.
    Do chrochaidís an clúimh go maith ar dtúis agus deinidís cuingileach de. Annsan gheibheadh duine aca cipín agus bhíodh sé 'a chasadh do réir mar a leigtí chuige é, go dtí go mbíodh sé go léir casta fílte ar an gcipín aige. An chasadh tuathail a chuirtí ar dtúis air.
    Deintí trí coda de annsan agus cuirtí an chasadh deiseach air. Nuair a bhíodh san déanta aca deintí trí coda arís de. A dhá thrian suas i gceirtlín agus bhíodh siad á fighe leis a trian eile go dtí go mbíodh an téad déanta aca. Téad maith chun ualach múir a ceangal ar thruachail mar nuair a bheadh do lámh sleamhain ó ramaí an múir. Bhíodh an téad garbh agus bh'fruiste é cheangal. Is ar nós na téada a dheintí an buarach ach cuirtí buairchín ar thaobh de agus lúb ar an dtaobh eile. Is de failim a deintí an buairchín agus tugtaí go dtí an t-seipéil é Domhnach na Failme chun é do bheannughadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Cruadhlaoich
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Liathchoill, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Caitlín Bean Uí Chruadhlaoich
    Inscne
    Baineann
    Aois
    41
    Seoladh
    Liathchoill, Co. Chorcaí