Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 058
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar in a gcómhnuidhe in Eisg sa Bonán i Neidín i gCo Cíarraighe. Nuair a phósadar a chéile ar dtúais bhíodar ana compórdeamhail ach sa deire pé rud a thabharfhadh an fear di ní shásóchadh an saoghal í agus is minic a deireadh a fear an amhrán so.
I
Ar mo ghabháil tríd Milluigheans dom
Bíonn an Puililiú ins na geatai óir,
Mná na dtábhairne giomaig liom
Is ba chuma leó cá raghainn ag ól.
Is annsúd a bhúail an donas liom
Is breinan ann cómh saor le móin
Dá gcuinín súas mo chisteas leó
Gheóbhainn cailín deas is dosaon bó
II
Ar lúb na coile a stóirín a's dócha do dhearcais dom,
Ba dheas do chois im bhróig is ní chóir ná do leogans súd.
Do leaca bhí maireann rós is do chúl abhí crathach Fionn.
Sé mo léir ná bhfuilim pósta leat
Nó ar bórd luinghe a duil anonn.
III
Do cheannuigheas buidéal réidhteas
Dom liúighin agus dom mhíle stóir,
A dún bheith páirteach leí siúd
Sí chúl craobhach na bhfáiní óir.
Braon ní raghadh 'na béil di
Is do mhéadaig san ghá dtrían mo bhrón.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ua Mathghamhna
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí