Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 116](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0280%2FCBES_0280_116.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 116
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 116
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall fiche blíadhna ó shin bhí beirt inghín álúinn ina gcómhnuidhe i gCaipeachtna cúpla míle ar an dtaobh ó thuaidh do Ghleann-Garbh. Dómhnall Líath a b'ainm dá h-athair ach leas ainm do b'eadh é sin Dómhnall Ua Súileabháin a ainm cheart. Gach lá théicheadh an bheirt cailíní go dtí an portach fé dhéin mála móna. Bhí abha mhór in-aice an phortaigh. Mí Márta do b'eadh é agus thárla go raibh tuille san abhainn. Bhíodar ag tríall chun dul treasna ach do theip ortha. Fé dheire do shleamhnuigh duine acu isteach agus ní féidir léi teacht amach. Nuair a chonnaic an chailín eile í istigh agus nuair nách féidir léi í a thabhairt amach do chaith sí í féin isteach ina díaidh agus do bádhadh an bheirt acu. Bhí an oídhche ag tuitim agus ní rabhadar ag teacht abhaile. Fé dheire do chuaidh a n-athair ag tríall ortha agus fúair sé iad istigh san abhainn agus iad báidhte. Do tugadh abhaile iad agus do cuireadh iad agus tá a máthair 'na beathaidh fós.
- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhathghamhna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Séamus Ua Mathghamhna
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí