Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0280, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 070
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Do chómhnaig fear i nDhoirean Chairn fadó agus theastuig uaidh dul go Deanntraighe chun hata a cheannach dó féin

    Do chómhnaig fear i Doirean Chairn fadó agus theastuig uaidh dul go Beanntraighe chun hata a cheannach dó féin. Aimsir na h-inide a b'eadh é agus bhí sé chun pósta Bhí gach aon ní eile aige acht an hata.
    Aon lá amháin san am gceadna do thárla go raibh bád ón mbaile ag dul go Beanntraighe.
    Bhí an áthas air mar tháinig an sár fhear ag lorg dulí air acht binn é an t-áthas nár sheas i bhfad mar d-imir muinntir an bháid cleas air. Nuair a bhí sé geall leis i gcómhngar na farraige cad a dhein muinntir an bháid ná an bád do shágh amach ón gcallaithe is d'fhágadar ar an dtráigh é is a hata dhá dhíol. Nuair a chonnaic sé an rud a bhí déanta air d'imthig sé de siúbhal mór thímceall an bhóthair agus bhí sé i mBheanntraighe chómh luath le muinntir an bháid. D'fhiarradar air an bád a thabhairt abhaile leó mar tháinig an lá garbh. Sé dúbhairt sé leó ná na cosa a thug anonn é go dthabhairidís abhaile arís é.
    Bhí ana aireachas ar Mhuiris na Croise (duine de mhuinntir an bháid) an cleas d'imirt air. Seo cuid de rócan a dhein sé féin.
    I
    Siubhálta dom phusáiste ar maidin a bhíos
    Nuair a tháinig a' sár fhear ag lorg dulí orm
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. eacha uisce (~138)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Cruadhlaoich
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Liathchoill, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Caitlín Bean Uí Cruadhlaoich
    Inscne
    Baineann
    Aois
    41
    Seoladh
    Liathchoill, Co. Chorcaí