Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit nar cuirteadh daoine fadó i gClais na Cille i gcuid talmhan Dhómhnaill Ó Shúileabhain. Paiste de thalamh árd is eadh é agus tá clocha móra ann chun na uaigeanna do mhárcáil. Níor deineadh aon obair ann agus tá na clocha le feiscint fós. Tá ionad curtha eile i Milín na n-Imiris ar an dhtaobhh thuaidh dár bport féin ar an d-taobh eile den bhóthar agus do bhí a lán clocha ann.
Fadó nuair do bhí an pháirc a rómhar ag an Tíghearna Tailimh. Na fir do bhí ag obair ag an Tígearna Tailimh ní théigheadh siad ró fhada isteach i dtreo na gcloch. Annsan do tháinig an Tíghearna Tailimh féin agus do chaith sé seachtmhain á rómhar ina aonar agus d'ádruig sé an cuid is mó den na clocha agus do leathanaigh sé amach é agus na clocha nárbh fhéidir leis d'árdú tá siad ann fós. Tá páircín eile in aice Crois a Mhantí ara nglaodtar Cúilin na Leanbh air agus deirtear gur cuireadh leanbhaí ann.- Bailitheoir
- Maighréad Breathnach
- Inscne
- Baineann