Scoil: Meall an tSrutháin (uimhir rolla 2117)
- Suíomh:
- Meall an tSrutháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dll. Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Mícheál Chormaic" a thugann na seandaoine air i gcoithinn. Do rugadh é tímcheall na bliana 1800 A.D. i bparóisde Cill-Mhac-Abaidh (cuid de pharóiste na Léime, fé láthair) agus do shíolruigh sé ó'n dtreibh uasal Uíbh Súilleabháin do tháinig don cheanntar so ó Chluain Mheala am éigin taréis teacht na Normánach go h-Éirinn. Deirtear gubh fheirmeoir neamh-spleadhach athair Chormaich. Tá áit a bheirthe timcheall sé mhíle soir-ó-thuaidh de Sciobairín. Is iomdha gaolta gairid le Mícheál a chomhnuigheann sa cheanntair so fós.Cáit Nic Iarlhlaithe dob' ainm dá mháthair agus Cormac Ó'Súilleabháin dob' ainm d'á athair. I mBaile-Reidhrí is eadh a bhí cómhnuidhe ortha an t-am do phósadar nó go gairid 'na dhiaidh sin. As Doire Loga a tháinig Cáit Nic Iarlfhlaithe ámhthach. Tá an sloinne go flúirseach i nDoire-Loga go fóil. B'é Mícheál an céad duine clainne a bhí aca agus beirt eile a bhí aca ina dhiaidh: mac eile agus inghean. Pádraig ab ainm de'n mhac agus Máire de'n inghean. Do cailleadh máthair Mhichíl agus é ana óg. Agus do réir deallraimh is é rud a thárlaidh annsan ná gur chuaidh Mícheál go dtí muinntir a mháthar go Doire Loga (i bparóiste Sgiobairín) agus do chaith sé an chuid eile dá shaoil(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Domhnall Seosamh Ó Luasaigh
- Inscne
- Fireann