Scoil: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí
- Suíomh:
- Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: An tSr. M. Olivia
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Céad go leith bliadhain ó shoin, bhí bean in-a cómhnuidhe tamaillín o'n mbaile mór. Bhí fear agus bó aice. Bean Ui Chorcoráin an t-ainm a bhí uirri.Gníodh sí máistreadh gach Shatharn, ac dá mbéadh sí ag máistreadh go dtí an lá atá indiú ann, ní bhfuigheadh sí bluire ime. Bhí sí chómh cráidhte sin gur chuir sí fios ar an sagart. Agus nuair tháinigh sé thosnuigh sé ag paidreóracht, agus sa deire dubhairt sé leithi an bhainne a chur isteach san gcuinneóig.Thosnuigh sé ag paidreóracht arís agus seo chuige isteach bean, agus í ag ciaradh a cuid gruaige, agus dubhairt sé leithi imtheacht. Dubhairt bean an tighe gurbh i an chára ba mhó a bhí aici.
"Tá breall ort" arsa'n sagart sin é an námha ba mhó atá agat, sine i an bhean atá ag bacadh leis an im.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chorcoráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bunnamucka, Co. Ros Comáin