School: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí
- Location:
- Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin
- Teacher: An tSr. M. Olivia
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá fothracha shean mainistreach i roilig Chluain Tuaiscirt. Sean bhallaí ar a bhfuil eidheann ag fás atá le feiceál. Tá cosamhlacht orra gur foirghneamh an-mhór a bhí ann uair amháin. Tá gairéid ann in a gcuirtear na mairbh. Leacracha móra atá mar cláir ar na gairéidíbh seo, agus táid tuairim ocht nó naoi dtroighthe ar fhaid agus ceithre troighthe ar leithead. Tágtar(?) na leacracha agus cuirtear isteach na comhra, annsin cuirtear na leacracha ar áis arís chun na cómhranna do chludach.Tá páirc in aice na roilige ar a tugtar "Páirc na Mainisteach" lán de taidhbhsíbh, ach ma labhrann aoinne ós árd téighid as amharc ar ball.
Tá roilig cúpla míle slige ó gCill Trustán ar a dtugtar Cill Bhendán, agus san t-sean aimsear cuirtí sagairt clumhala annsin, agus mar gheall ar seo ófráiltaoi an t-Aifreann Naomhtha uair sa bhliadhain i gcathair na Róime ar son na n-anam go léir a bhain le Cill Bhendán.Imelda Ní Cheallaigh, Lisnahorka- Collector
- Imelda Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Lisnahirka, Co. Ros Comáin
- Informant
- Bean Uí Cheallaigh
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Tuilsce, Co. Ros Comáin