Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)

Suíomh:
An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán S. Ó Cuimín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 225

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0475, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cnoicíní
  2. XML Leathanach 225
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ins na tighthbh ach ciseán ar bharr an tighe agus an teine i lár an úráir aca. Bhé an t-úrlár a bhíodh ionnta ná cré agus maortaol. Dá dtagadh lá fliuch bheadh sé in a phlodar. Do bhíodh na h-ainmhidhthe go léir istig ins na tighthe aca, agus leabhadh mór tuighe fútha. Núair a bhíodh na práta beirithe, do sgagtaí íad inaice an teallaig, cun an tuighe a bhíodh fé na h-ainmhidhthe do lobhthadh.
    Sé an solas a bhíodh aca ná bior giúmhaise agus é sáidhthe isteach i bpoll sa bhfalla. Ach do bhí snáthad cadéis ag cuid aca mar coinnle agus é sáidhthe i gcéir cun é do lasadh. Síad na cathaoireacha a bhíodh aca, ná cúpla fód móna ináirde ar a ceile, agus sop tuighe súas ortha san. Ní bhíodh aon leabadh ag na daoine acht cúpla fód móna agus sop féir ináirde ortha. Ní bhíodh aon leabadh ag cuid aca go mbíodh clann mhór aca, acht cúpla punainn coirce sínte ar an úrlár, Scolpán a bhíodh mar leath-dhoras aca, agus do bhídís ag innsint le na céile "tarraig an scolpán" as an doras. Do bhíodh na sean daoine chómh h-ochrasach san is go n-íosfadh síad (síad) báirneach agus gach rud a bféidir leo d'fhághailt. Do bhíodar níos
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Griobhtha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    61
    Seoladh
    Leitir, Co. Chiarraí