Scoil: Na Cnoicíní (uimhir rolla 13124)
- Suíomh:
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán S. Ó Cuimín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cnoicíní
- XML Leathanach 196
- XML “Fir Bheiginis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fir Bheig InisNí raibh aoinne in Uibh Rathach ná cualadh trácht ar fearaibh Beig Inis ar a neart, ar a luth agus ar a dtréine, ar muir agus sa tír.
Lá éigean do chuadar amac ag iascaíreacht sa bhfairrge, agus do conacadar long mór, agus chuadar fé 'na dhéin, agus do chur an Captaen fáilte rómpa, agus bhí beoir, agus uisge beatha dá taoscadh ortha. Nuair a bhí sé am cun dul abhaile, dubhairt an Captaen go gcoiméadfadh sé ceathar aca, agus go leigfeadh sé an béirt eile dul abhaile cun sceala a thabhairt do muintír. Níor thaitn san le fir Bheig Inis. Siúd láithreach iad ag troid ar son a saoirse, ac is beag an maitheas dóibh é, mar long cogadh b'eadh é. Is gearr go raibh buidhean cógaidh mór-thímcheall ortha, agus sa deire b'eigean dóibh géilleadh do'n Captaón. Nuair a thainig an beirt driothár abhaile, agus gan aon tuairisc ar a gceathar dríothar, ba mhór an tóir a bhí i mBeig Inis. Niorbh fhada go dtáinig na fir górma ar a dtuairisc, agus do sciiob sin leo an beirt dríothar, agus do chuireadar isteach i gcarcar Corcaíghe iad. Tar- éis tamall do tugadh o's chómhar bhreithimh iad, ac ní raibh aoinne ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bean Uí Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Garrán Iarthach, Co. Chiarraí