Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(b) Donnchadh Buidhe Ua Leidin i gcróitín Thaidhg Uí Súilliobháin a dhein bróga do mhuinntir an bhaile
(c) Conchubhar Ua Séaghdhda 40 bl.Chéarda:
(a) Anairt
Do chuiridís sa mbán é i mí an Aibreán. É leasú mar an coirce. Stathaidís é i rith an Fhoghmhair. D’fhágaidís ar an talamh é go ceann dá lá agus annson dheinidís é tharrac i mbeartaibh ar dhrom go dtís an portachaibh. Dheinidís é bogadh i línteachaibh ann. D’fhágaidís annsan tamall é agus annsan leathaidís fé’n ngréin é agus annsan é tharrac abhaile. Leigtí do tiormú. Bhuailidís le tuairgín é. Dhéinidís é stathadh as a chéile le tlúigh lín agus annsan é chíoradh le cártaibh geibhidís i gCorcaigh. An sníomhadh annsan le tuirnín lín nó turann coise. Thugaidís do’n fhigheadóir é agus do dheunfadh sé é fighe mar anairt. San a dheunfadh dóibh léinteacha agus brístí go maith láidir.
(b) Olann
Na caoirigh do nighe sa chaol. Dá uair sa bhliadhain iseadh lomaidís iad sa Bhealtaine agus um Mheadhon Foghmhair. Ba le deimheas mar atá againnne fé láthair dheinidís é. Dheinidís an t-olann do nighe agus do thiormú annsan. Dheinidís é chíoradh, rollaí a dheunamh de annsan le basaibh na gcártaí. Dheinidís é sníomhadh le turann. Dhein an figheadóir an plainnín annsan.
(c) Coinneal
Geir na n-ainmhidhthe do leagadh i gcorcán agus annsan é stagadh. An snáth cadáis tré lár an mhúnla síos. Éadach ag bun agus tairrnghe ag a barr á coimeád ‘na ionad. Annsan an múnla i bhfód – an geir leagtha do scaoileadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Fionán Ua Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Partalán Ua Muircheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí