Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 255
- XML “Díol agus Ceannach”
- XML “Na Bróinte”
- XML “Fathaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Timcheall 50 bl. ó shoin tháinig fear go Cathair Saidhbhín chun im do cheannach Roimis sin bhíodh ortha dul go Cill Orglan agus roimis sin go Corcaigh.
- Na bróinte.
1. Bhídís seo ins gach tigh chun an gráinne do bhrughadh
2. Tá ceann ag muinntir Séaghdha fós
3. Cloch cruinn na bhun agus cloch cruinn le poll agus lámh le casadh ar barr
4. Is minic dheinidís an ghráin do mheilt ar maidin sin.
Fáth so
‘Mo ghraidhn an bhean théigheadh sa stáca’ sé sin an bhean a dheineadh go luath ar maidin an coirce do mheilt do chun císte a’ breacfasta a dheunamh. - Fathaigh:
Deireann na sean-daoine go raibh fathach nó gur ghaibh sé treó fadó agus taisbeántar rian coise leis i bpáirc Liam Uí Mathghamhna fé láthair agus fós i bpáirc Mhichíl Mhic Cárthaigh. Taid na rianta san doimhin go leór agus mór go leór d’aon fhathach.Príomh Aontaighe
22/4 – 10/5 – 30/5 do beithidheachaibh
22/4 – na ba
6/8 – aonach na gcapall
1/9 – do chaorachaibh, uain, tairbh
Aonach na Nodlag – turcaidhthe