School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 138
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí beirt cailíní in aimsir cúrsa ag Pailitíneacht is bhí buachaill óg leis sa tig.

    Dómhnaill Ua Cúrnáin ón Málainn d’innis
    Bhí beirt cailíní in aimsir cúrsa ag pailitíneach is bhí buachaill óg leis sa tig. Thárla Aoine an Chéasta nuair a bhí rósta an Ríogh ag muinntir an tighe gur dhein an beirt cailín trosgadh a’s do thóg an buachaill patarún leó agus dhein an trosgadh amhail leó. An oidhche sin do cailleadh é nú chuaidh go dtí an saoghal eile as fuair sé radharc an dá shaoghail. Chonnaic sé Máthair an Daibhail is sluasad aici ag taosgadh anamnacha isteach go h-Ifrionn. Thug sí fé féin acht ón uair gur dhein sé an trosgadh ní raibh sí ábalta ar aon lámh a dheunamh de. Fuair sé teacht thar n-ais is bhí sgéal nua aige. Bhí sé na naomh as sin amach. Dúbhairt sé tar éis teacht.
    “Céad moladh le Muire ‘gus dheineas an Aoine
    Bheadh mo chuid pola na dortaibh im thimcheall
    Bheadh mo chuid feóla na spóla chíor dhubh
    Is ó Mhuire Bheannuighthe screadaim óm’ chroidhe ort”
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Language
    Irish
    Informant
    Domhnall Ua Cúrnáin
    Gender
    Male
    Address
    Málainn, Co. Chiarraí