School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mac Ciarainn
- XML Page 145
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Deirtear go dtagann uair áirighthe i saoghal an duine nó ins na ceithre uair i bhfichead...”
Seán Ruadh Ua Súilliobháin d’innisDeirtear go dtagann uair áirighthe i saoghal an duine nó ins na ceithre uairibh fichead agus aon athchuinge fán am san a loirgcóchfá ar Dia go bhfuighfeá é. Tugtar uair na guidhe ar an uair sin, acht, ní h-eol daoinne cathain a thagann sé. Bhí duine bocht ann tráth agus ní raibh fé na chúram aige acht bothán tighe agus gan san féin ar fóghnamh. Bhí beirt mac aige, Diarmuid agus Feidhlim agus ar nós na h-aon athair ba mhaith leis go mbeidís go maith as. Dubhairt sé leis féin lá mar seo go bhfairfeadh sé ‘uair na guidhe.’ Do shín sé ar an raca go luath ar maidin agus a cheann suas fé’n simné, agus an paidir seo ar siubhal aige “Talamh agus tighearnas go raibh aige Diarmuid agus an saoghal uile go léir ag Feidhlim. Lean air mar sin i rith an lae agus níor chuir an oidhche stop leis. Díreach agus é láchtaint thuit cnapán mór súghaig anuas sa tsúil air agus do chaoch san é. Do bhéic mo shean duine agus do stop an ghuidhe “Ó mhuise a shean bhotháin an tsúigh go loisgfidh an diabhail tú” ar seisean. Ní túisce bhí na focal as a bhéal aige ná gur bhladhm an bothán timcheall air agus do loisgeadh é féin agus an bothán.- Informant
- Seán Ruadh Ua Súilliobháin
- Gender
- Male