Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 148
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Chas gaduidhe tráth le Padraig hussae go raibh sé giobalach, file bhí cois na Comarige theas mac úncail do Seán hussae a bheadh Pádraig.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Is paróiste na Cathrach
Laoig na Tarmain
Is Caoirig an bharraig thuas
Téire go Cúm a bheannuighthe
Mar a bheadh pluais daingean agat
Bheadh géanna is lachain ann
Soup is anbhruith
Is ní bheadh aoinne ag taisteal ort
Ó Luan go Sthairn
Mar is é is aiteas leat
Is nuair a raghair as atharrach
Guidh tú an
Is bheadh an diabhal go fairsing leat
Mar bhí an droch radharc cheana agat(gan teideal)
“Dubhairt gréasaidhe cúrsa go dtabharfadh sé peidhre bróg nuadh déanta...”
Dúbhairt gréasaidhe cúrsa go dtabharfadh sé peidhre bróg nuadh dheunta do’n té is fearr thabharfadh órdú chun peidhre bróg a dheunamh. Cearbhall Ó Dálaigh agus beirt filí eile a bhí san láthair. Cearbhall an chéad duine labhair:
Thóg mo thrácht san áit is righe dod stéig
Is cuir dhá bhálta bhreághtha binne léi
Bíodh do shnáth marlatha buidhe le céir
Is bíodh sí bláthmhar, bearrtha díonmhar caolAn dara file:
Bídís buan daingean dathamhail
Níos a bhfearr go mór ná mar órduig Cearbhaill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Chiarraí