Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 101
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Is buachaillín mise d'imthig go hóg le fréic”
1. Brighid Ní Dhalaig de mhuinntir Churráin
2. Cúmastabhadh Achadh Tiobraid Cill Áirne
3. 84 bliadhain Spúncán cois Cuirreáin
4. ón a máthairIs buachaillín mise d’imthig go h-óg le fréic
Ag mealladh mná deasa iseadh chaitheas dhá dtrian dom shaoghal
Gan eagla an tSagairt an Easboig nó an Pápa féin
Ach ag ól a’s ag imirt a’s ag clismirt le Báb na gCraobhNí raibh aon bhean deas nár thug taitneamh dom ghnaoi is dom mhéin
Mar ba mhinic sa tig tábhairne me ag freagairt is ag díol go daor,
Is ó d’imthig an lasadh bhí an leacainn mar scáil na gcaor,
Tá mo ghruaig dhubh ag glasadh mar eascaireann barr an fhéirBhíos féin tamall as is mear do thabhairfinn léim
Nó urchar maith caiste do chaitheamh le lúth mo ghéag
I bpáirc na speile is blasta do ghearrfainn féar
Is do threabhfainn le capall is ní cliste ná sínfhinn téipAch anois ó táim caithte is mé im shean duine críodna liath
Lem’ dhá maide croise is mé ag tarrac mo chos am dhiaidh
Dá bhfuighinn cúpla gloine mar thaithigheas féin d’fhághailt riamh
Is go deimhin tar éis a gcaithte go dtabharfainn duit cúrsa fiaidh.Seán Bruanach Ua Súilliobháin
Cathair Saidhbhín- Bailitheoir
- Seán Bruanach Ua Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Dhálaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Com Dhá Stogha, Co. Chiarraí