Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Cúram na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sórt "gaiters" (lorgachán) déanta mar cos stoca acht gan aon bhuinn ortha. Choimeádadh na lóipíní a gcosa te ins an aimsear cruaidh. Ba mhinic a théígheadh na buachaillí ar scoil ins an sioc agus a gcosa reódhta leis an bhfuacht. Thagadh méisirí ar a gosaibh. Ní mhothuigheadh na buachaillí aon fhuacht i mbuinn a gcos cómh-righín le leathar.
    B'annamh a níghidís a gcosa: anois agus arís is dócha agus nuair a bhíodh pota ar an úrlár agus uisce na gcos ann bhíodh na mná ana-chúramach cun é caitheamh amach roimh dul a gcodladh dhóíbh, ar eagla go mbádhfaidhe na sídheóga ins an uisce nuair a bheidís ag rinnce timcheall na cistineach agus muinntear an tighe sa leabaidh.
    Deantaoí bróga annso fad ó: bróga láidire agus phadhbhars móra fútha. Bhíodh an leathar comh chruaidh le h-iarran agus bhídís ana-throm acht bhídís go maith agus sheasfadh fear amuigh sa pháírc ins an mbáistig ag obair agus bhéadh a mbróga tirim indeireadh an lae
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gort Buí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Dómhnall Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    57
    Seoladh
    An Gort Buí, Co. Chiarraí