Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 049
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do dhein duine dos na MacGiollacuda Cáisleán in san seachtmhadh aois déag, agus do chomhnuigh sé féin agus a chlann ins an gcaisleán ar fheadh tamaill mhaith.
    Bhí an caisleán suidhte in áit garbh, nó corach agus glaodhtaoí Caisleán an Choraig air. Níor thaithn an caisleán nó an ainm a bhí air, le ceann dos na Macgiollacuda agus d'fág sé an áit. Seana Fhothrach is eadh é anois. Níl acht Falla de, na sheasamh, agus tá sgéal ag na daoiníbh mar geall ar an gcaisleán so. Deirtear go bhfuil corcán mór óir i bhfolach fé. Cuaidh duine éigin dá réabadh aon oidhche amháin cun an chorcáin d'fhághail. Tháinig tarbh mór cuige agus chuir sé scannradh ar an bhfear agus rith sé abhaile. Chuaidh an fear céadna ag rútáil ag lorg an óir oidhche eile. Bhí a cheann fé, agus e ag obair ar stealladh nuair do thuit púróg cloiche annuas ar a cheann. Do stad sé agus d'fheúch se aa thimcheall agus cad a chonnaic sé acht girr-fhiadh agus é ag crothadh a chluasa air. Do dhein an fear fobha fé an girr-fhiadh leis an piocóid agus lean sé len obair. Thuit cloch eile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Domhnall Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Gort Buí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77
    Seoladh
    An Chúil Rua, Co. Chiarraí