School: Gort Buidhe (roll number 14509)

Location:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Teacher:
Gilbert Mac Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 129

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0471, Page 129

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gort Buidhe
  2. XML Page 129
  3. XML “Tithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deintí fallaí na dtighthe de clocha agus cré bhuidhe agus annsan de clocha agus mairtéal. Deintí an mairtéal de ghainimh ó an geadaig agus aoil ó Dhroumabhalla (?) i gCillorglain. Ní théígheadh aon uisce tré an bfalla san. Bhíodh na saoir-chloch go maith ag a gceárd agus bhí na clocha go flúirseach ins an tír fad ó. Deintí an teinteán i gcoinnibh an phiniúra. Bhíodh doras ar aghaidh an tighe agus doras eile ar chúl an tighe. Bhíodh leath-dhoras in gach tig agus ba úsáideach an rud é cun na cearca agus na muca do choimeád amach as an gcistin. Bhíodh trí seómraí i bhfurmhór dos na tighthe: an cistin, an seómra thuas agus tón a tighe. Bhíodh fuinneóg cuibhseach mhór sa cistin, fuinneóg bheag sa seómra thuas agus fuinneóígín ana bheag ar fad i dtón an tighe. Ní bhíodh acht adhmad ionnta sarar cuireadh gloine ins na fuinneóaibh. Cré buidhe a bhíodh mar míanach san úrlár. Nuair a cuirtí an t-úrlár nuadh sa chistin bhíodh oidhche rinnce aca, cun an cré buidhe do dhéanamh chruiadh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall O Cróinín
    Gender
    Male
    Age
    57
    Address
    An Gort Buí, Co. Chiarraí