Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 105

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 105

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 105
  3. XML “Lucht Siúil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fad ó thagadh fear go Ceathramhadh-na-hUamhain go minic. Muiris Seóigh ab ainm dó, de shiubhal a gcos a théigheadh sé ó áit go h-áit, agus bhíodh fáilte roimhe ins gach áit, mar d'innseadh sé scéalta agus eachtraithe. Fear léigheanta a beadh é agus fear-feasa leis. Do chruinnigheadh na comharsanna isteach gach oidhche ag éisteacht le na chuid cainnte.
    Feirmeóirí maithe a bhíodh i gCeathramhadh-na-hUamhain i gcomhnuidhe agus bhídís ag obair go dían ó cheann ceann na blíadna. Níor thaitn aon sórt oibhre le Muiris agus nuair a chíadh sé na fir ag bainnt prátaí roimh breacadh an lae deireadh sé
    "tiocfaidh an lá fós go mbainfear na prátaí le h-inneal, gan aon troblóid."
    Nuair do chíodh sé na fir ag bualadh coirce ins an sgioból le súistíbh agus ag árnáin go dtí a naoí a chlog ist oidhche, do leigeadh sé scairte gáire as agus deireadh sé
    "Cídhfidh sibh an lá go ndeinfear an obair seo go léir i gcúpla uair an cluigh."
    Ag an am san ní raibh aon cuimhneamh ar rothair nó ar gluaisteáin agus deireadh sé go mbeadh trucaill ag rith go tapaidh ar na bóithribh gan aon capall. Dubhairt sé go mbeádh na buachaillí agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Diarmad Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí