Scoil: Gort Buidhe (uimhir rolla 14509)

Suíomh:
An Gort Buí, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Gilbert Mac Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 110

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0471, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort Buidhe
  2. XML Leathanach 110
  3. XML “Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá reilg i bparóíste na Tuatha. Teampall nocáin a tugtar ar an áít. I lár na reilge atá fothrach shean-theampaill Caitlicighe agus cuirtear daoine istig ins an bhfothrach. Tá uaig Muinntear Chathasaig istig sa fothrach. Tá eaglais Protastúnaig istig sa reilg leis. Cuireadh suas an eaglais seo tamall maith ó shoin agus bhí na Caitlicig ana chrosta nuair a chonnacadar an eaglais á thógaint. Oidhche amháin leagadh don talamh an eaglais. Bhí na póilíos amach annsan ag lorg eolais mar geall ar an obair. Thosnuigheadar ag tógaint na h-eaglaise an tarna uair. Bhíodh na póilíos ag faire ist oidhche acht tháinig na daoine airís agus leagadar na fallaí don talamh. Thug na protastunaig an chuis ós chomhair an bhreithimh i dTráighlí agus fuaradar morán airgid mar damáistí agus bhí an t-airgead go léir díolta le muinntear na tuatha. Tosnuigheadh an obair airís agus críochnuigheadh í gan a thuille troblóide, mar ní raibh aon dúil ag na daoinibh an eaglais a lot nuair a bhíodar ag díol go maith as.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cróinín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Maol-lios, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Mhic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Lios an Phúca, Co. Chiarraí