Scoil: An Clochar, Neidín
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Brighid Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- DOMHNACH CINN CÍSELá an phatrúin i mBaile Bhúirne é sin. Téigheann muinntir Gleanna Laoi go léir ann an lá san. 'Sé an céad rud a dheinid ná turas do dhéanamh ag tobar Naomh Ghobnait. Annsan caithid an lá sa Sráid Bhaile. Bíonn na sluaighte siopadóirí siubhail ann agus iad ag díol milseán ubhall srl. Bíonn rinnce ag na daoine óga taobh amuigh de'n Sráid Bhaile. Deirtear go bhfaca Naomh Gobnat sluag fiadh bana raobh san áit go bhfuil an tobar anois agus bhí gheallta aici a tobar do bheith san ait 'na bhfeicfeadh sí iad.
OIDHCHE LAE 'LE SHEÁINDeineann na daoine óga teinte cnámh agus rinncid tímceall ortha go h-uair an mheadhon oidhche.
FÉILE FIONNBARRATéigheann na daoine go Guagán Barra chun turas a dhéanamh in onóir do'n Naomh. An 26adh lá de Meadhon Foghmhair(leanann ar an chéad leathanach eile)