Scoil: An Clochar, Neidín
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Brighid Ní Lochlainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa tsean aimsir ní raibh na paroístí i gCiarraidhe mar atá siad anois. San uair sin bhí Seipéal Neidín ar thaobh theas abhann an Ruachtaig agus bhí tig an tsagairt in aice leis. Lá amháín chuaidh an sagart go Fiacna cun an ola deidhéanach do chur ar dhuine breoite. D'fhág sé a phortús i dtig an duine sin agus é ag filleadh abhaile.Maidin lá ar na bhárach d'iarr sé ar an gcailín aimsire dul agus é breith thar nais chuige. Nuair a bhí sé ag dul ann chuala sí glór mhór in aice léi. D'fheach sí isteach san bpáirc agus chonaic sí na cuirp go léír scaipighthe ar fuaid na páírce. Fuair sí amach go rabhadar go léir marbh acht fear amháín. Dubhairt sé leis an gcailín gur chuaidh triúr is cúígear fear ó'n Scairt go Bórd Eoghainín cun creach a thógaint leo. Dubhairt sé lei a bróg a bhaint di agus í do lionadh le h-uisge an t-Sín. Do dhein sí an méid sin agus d'ól sí an t-uisge. Dubhart sé leí annsan an chreach a thógaint agus chúm sé an bhéarsa so," Triúr is cúigear ó'n Scairt
Fear is seachtmhar ó Bhórd Eoghainín
Do throideadar cath i gcóir an creach
In Insín Gaorthaig ar bhruach an Ruachtaig is an t-Sín! "(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Ceallacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Neidín, Co. Chiarraí