Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)

Suíomh:
Na Tulacha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mícheál Ó Dálaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0461, Leathanach 294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tulca
  2. XML Leathanach 294
  3. XML “Saol a Bhíodh ag Spailpín Fánach Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíos ag cainnt le Seán O Súilleabháin siopadóir, a comhnuigeann igCillabunáin, par- an Bunáin agus dubhairt sé liom nuair bhí sé ag tuilleamh págh an lae ag feirmeoir caogad blian ó shoin go mbíodh sé ag obair o'n a sé go dtí na deich san oidhche. Caitheadh sé eirighe ar a sé agus na ba do chur "ar fosuidheacht" mar bhíodh siad sa tuar ar feadh na h oídhche.
    Annsan gearradh sé beart easrach, agus beart aitinn agus bheireadh sé abhaile iad agus gheibheadh sé a bhreicfeást tímcheall a naoi. Tar éis a shuipéir bheith ithte aige bhí iacall air dul go dtí an scioból agus bheith ag bualadh arbhair go dtí na deich sa Gheimhreadh. Prátaí, arán, uaireannta, is bainne a bhíodh mar gnáth bídh aige acht nuair bhíodh spealadóir ag obair gheibheadh sé an tae.
    Agus bhí buachaill ó'n áit seo ar aimsir ar an dtaobh thuaidh de Neidín agus gidh go raibh sé óg buachaill láidir, a bheadh é agus i rith an t-Samhraidh dheineadh sé an spealadóireacht acht muga tae d'fháil sa tráthnóna. Dubhairt an fear san liom uair gur minic a chodaluigheadh sé san áit in a mbíodh na ba in a luighe ar feadh na oidhche mar ní bhíodh a dhothain codlata aige ar dhul amac dó sa Samhradh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. spailpíní (~14)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann