Scoil: Tulca (uimhir rolla 1396)
- Suíomh:
- Na Tulacha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Mícheál Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tulca
- XML Leathanach 276
- XML “Creach a Thógaint”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Creach a thógaintSeo mar [a] d'innseadh dom an sgéal:-Bhí tighearna talmhan ina chómhnuidhe i gCaolchoill lámh le Beanntraighe, i gCorcaigh agus chuir sé a chuid fear go dtí Bord Eoghain Fhinn ad' iarraidh beithidheach. D'eirigh leo na beithidheach do bhreith leo acht nuair do thuig muinntir na háite sin gur sciobadh na ba do buaileadar chun bóthair ar a lorg. Níor dhein muinntir Chorcaighe puinn moille ar an mbóthar mar shroiseadar Drom an Easaigh trí mhíle amach ón mbaile -'s é sin ar an mbóthar idir Neidín agus Gleann Garbh sara dtáinig na fir eile suas leo.
Bhí ochtmhar as gach taobh ann agus ag Drom an Easaigh, i dtalamh Egan bhí cath fíochmhar fuilteach eadtorra agus nuair [a] bhí deire[adh] leis an gcath, bhí na daoine go léir sínte marbh acht amháin aon fhear amháin a bhí ina bheathaidh acht bhí a phort seinnte chomh maith leis na fearaibh eile. Tá coill bheag in aice na hínse inar throideadar agus ritheann an tSimhin lámh leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní Sheaghda
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Éirnín, Co. Chiarraí