Scoil: Faithche (B.) (uimhir rolla 11405)

Suíomh:
An Fhaiche Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Muircheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0458, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0458, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Faithche (B.)
  2. XML Leathanach 013
  3. XML “Scéal - Séamus Mór agus A Bhuachaill Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fheaca sé an priosúnach riamh roimhe sin 'na shúilibh cinn go dtí go bhfeaca sé sa chúirt é agus é ar adhaistear ag na póilíní. "Seadh" arsan breitheamh, "cad tá 'gat-sa le rádh sa sgéul, no an fíor ná béarfá-sa daor sa choir é an fhaid is atá aithne agat air."
    "Go deimhin chun a chirt féín a thabhairt dó" arsa mo Shéamus," an fhaid is atá aithne agms-sa air, ní'l aon ní agam-sa le rádh leis, ach gach aon nidh dá fheabhas, é go mín, macánta deagh-bhéasach deagh-labhairtha." Sgaoileadh mo bhuachaill saor, agus nuair a bhí an chúirt i leath-thaoibh, lean an stracaire Seámus Mór abhaile agus chrádhaigh agus chiap sé an chroidhe 'ge Séamus Mór. Níor tháínig aon bhleágád ba chríochnuighthe ná é ar an dtaobh so dúthaigh riamh roimhe sin, ná o shoin agus bacaigh Bhaile Mhúirne féín a chur chuige.
    Bhíodh Seámus Mór ana dhian ar a lucht-oibre a dheiridís ach lá, bhí meitheal fear aige ag baint na bprátaí agus bhí an stracaire leisgiúil a bpiocadh 'na ndiaidh. Le'n a leath-láímh a bhí sé a gcnuasach isteach i mbirdeógh. Ag déanamh amach ar eadartha tháinig Seámus Mór feín ag féuchaint ar an obair. Saghas staigín ab eadh é 'na shlighe féín. Gan dabht bhí na fearaibh ag obair ó gheal an lae ortha. Ach nuair a chonnaich sé an leadránaí agus é ag obair le'n a leath-láímh agus gan aon deallramh agus é ag obair le'n a leath-láímh agus gan aon deallramh ná aon fhonn oibre air, "Cad na taobh ná cuireann tú an lámh eile chughat" arsa Seámus Mór.
    "Dar fiadh" arsan buachaill, "nach fearr liom í ná í seo" ag cur na láimhe sin 'na phóca agus ag obair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Béarla