Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 633
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear 'na chomhnuidhe in Oileán Ínse fadó agus glaodhtaí "Gearóid Tabh" air.”
Bhí fear 'na chomhnuidhe in Oileán Ínse fadó agus glaodhtaí "Gearóid Tarbh"air. Gearóid Reeves do b'ainm do, agus seo mar a fuair sé an leas-ainm.
Bhí tarbh in Oileán Ínse agus do dhíol an t-aodhaire é le fear a chomhnuigh ar an dtaobh thall de'n Bárr. Nuaur a chuala an duine uasal gur leis ana tarbh, gur díoladh é, tháinigh fearg air agus d'fhógair sé sé do'n aodhaire mar a mbeadh an tarbh roimis lá áirighthe do caitheadh an t-Aodhaire bailiú leis. Ba dhubhach an sgeul do'n Aodhaire bocht agus chuaidh se anonn thar a' barra ar thuairisg a thairbh, ach ní thabharfadh an fear a cheannaigh é do é. Cheap sé annsan ar é ghuid, agus thug sé an fear ba neamh-eaglaidhe a bhí san áit leis. B'é sin Gearóid Reeves.Do bhí an tarbh cun bóthar aca nuair a braitheadh iad, agus bhí tóir go dian na ndiaidh. Níor dhein Gearóid ach sgoth earball an tairbh a casadh tímcheall ar a láimh agus a aghaidh do stiuradh síos cun na fairrge. Nuair a sroiseadh an tráigh do snámh an tarbh treasna go dtí Oileán Ínse agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Bean Uí Néill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Inse Thiar, Co. Chiarraí