School: Breac-Cluain (C.) (roll number 16218)

Location:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Néill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 683

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 683

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Breac-Cluain (C.)
  2. XML Page 683
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar naomhtha ag bun an sléibhte i gCill Dubh. Mám ualach a glaodhtar ar an áit sin. Aon lá amháin chuaidh bean amach fé dhéin cana uisge ó'n tobar. Tháinigh sí isteach agus chuir sí an t-uisce ar an dteine. I gceann tamaill d'árduigh sí an clúdach, agus cad a bhí ann acht iasg breágh mór. Cúpla lá na dhiaidh tháinigh breóidhteacht uirthe. Cuireadar fios ar an sagart. Dubhairt an sagart leí dul go dtí an tobar agus Coróin Mhuire do rádh ann. Chuaidh sí go dtí an tobar agus tar éis tamaill chonaich sí éan beag gleóidhte in aice an tobair. Tháinigh sí abhaile agus bhí sí chómh maith agus a bhí sí riamh. Deir na daoine gur naomh an tobair a bhí ann.
    Fuaireas é seo ó m'athair,
    Séamus Mac an tSaoir 60 bl.
    Máire Nic an tSaoir
    Imleach
    Abhainn a' Sgáil
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic an t Saoir
    Gender
    Female
    Informant
    Séamus MacH an t Saoir
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    An tImleach, Co. Chiarraí