Scoil: Breac-Cluain (C.) (uimhir rolla 16218)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (C.)
- XML Leathanach 625
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bean bhocht a bhí na comhnuidhe i Mám Ínse agus sé an cúram a bhí uirthi ná ag ¶ bailiú ruachan.”
Bean bhocht a bhí na comhnuidhe i Mám Ínse agus sé an cúram a bhí uirthe ná ag bailiú ruachan. Chuir sí sgian ruachan dá deanamh ag an gabha agus nuair a thriall sí ar an gceardthain dá h-iarraidh dubhairt sí mar leanasAr maidin ar dul cun na tragha dhom
ag taisteal a' soláthar dom chlann
Do chasfadh mé isteach ins an gceardthain
I dtig an fhir ghrádhmhar chaoin
Níor labhras focal le náire
Acht seasamh ar lár a tighe
Ón uair na raibh airgead lámha agam
I d'fhonn na táile dhíobh
A Thaidhg fhir-sionanta Uí Chinnéide
Acnuighim is iaraim ar Chríost
Mórán de rath agus séimh ort.
Go bhfeicir do shliocht i gcríc
Ó dheinis-se dómhsa an méid sin
Gan dochar ná daonadh id chroidhe.Tadhg Ó Cinneide an gabha. Thug sé an sgian don mhnaoi bhoicht cé ná raibh an t-airgead aice le díol as.Micheál Ó Muirceartaigh, Inse Siar, 80 bl. a thug an giota so d'Eibhl in Bean Uí Néill.- Bailitheoir
- Eibhlín Bean Uí Néill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Muirceartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Inse Thiar, Co. Chiarraí