School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Chiarraí
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 447

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 447

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 447
  3. XML “Siobhán na nGeimhleach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    h-inghean ag crú na mba ar an mbuaile. Do bheannuig sé dóibh agus d'fhan sé tamaillín ag cabhrú leo. Thuit an inghean i ngrádh leis láithreach agus ba bhrideadh chroidhe di é d'fheiscint ag imeacht. Thug sé aghaidh ar na Rossa(Rosbay), as san go Cromán agus stad níor dhein sé gur shrois sé an Barra (an sruth nuair a bhíonn an taoide tráighte, idir na bainnc agus Oileán Ínse). Bhí an abha mór leathan roimis. Bhí sé ag smaoineamh agus ag cuimhneamh cad a dhéanfadh sé nuair a bhraith sé an cailín óg taobh thiar de. D'fhiafruig sé dhi cad a bhí uaithe agus dubhairt sí go raibh sí ag imtheacht leis. Cómhairligh sé di gan déanamh, go raibh an tóir 'na dhiaidh féin agus ná raibh ach an aindeis indán do. D'innis sí dho an grádh a bhí aici dho. Níor dhein sé ach í bhualadh ar a dhrom agus shnáimh sé an canáil is thánadar isteach go hOileán Ínse. Shiubhladar leo agus stad níor dheineadar gur bhaineadar amach Ceann Árd i bPar. Liospóil. Cheap sé ná raibh aon áit chómh h-iargcúltha leis an mbaile sin agus go mbeadh sé sábhalta ann. Bhí an fhiadhach 'na dhiaidh i gcómhnuidhe agus sa deire fuairtheas amach é. Bhí sé teanntuithe. Dubhairt an Captaen leis ná raibh aon bhreith aige ar a anam a thabhairt leis ach chómh beag le léimridh thar barra na binne(binn tighe) ansan. "An scaoilfear liom má léimim thairis " ars an fear óg. "Scaoilfear," ars an Captaen. Dhruid sé amach ó bhinn an tighe, thóg sé fáscadh rithid agus chuaidh sé de léim thar barra na binne. "Seadh," ar m'onóir, ars an captaen, ní raghaidh mé indiaidh m'fhocail, bíodh cead do chos agat choidhche." Mhair sé féin agus a bhean go sona sásta an chuid eile d'á saoghal agus bhí muirear mór ortha.
    Mícheál Ó Cinnéide,(70bl)
    Na Dúnta,
    Liospóil.
    Féach leathanach 145 - thuille mar gheall ar Shiobhán na nGeimhleach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Na Dúnta Thoir, Co. Chiarraí