School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 045

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 045

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 045
  3. XML “An Copeland Isle”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus ba dhóigh leat ná raibh oiread bríc in Éirinn riamh is bhí innte nuair cuireadh na gcnocáin iad ar an gCé. Leacacha breaghtha leathana agus bríc buildeála (building). Muinntir a' Daingin a cheannaig an chuid ba mhó de. Ní mór a fuair na Flathartaigh aiste sin. Is mó go mór a bhí de bharra ceann a bhuail leó na dhiaidh san. Is ar chapall iallait a tháinig an Sgéala ó'n Muiríg (Muirbhígh) go Seán Joe, go raibh árthac mór ag imtheacht ar bhó-léagar lasmuich de chuan Árt na Caithne . Siúd siar Seán Joe agus a chriú sa húcaér agus bhórdáladar í. Bhí a dhóthain cabhrach aige an turus so agus sheóladar isteach go Luimneach í. Cé bheadh i Luimneach rómpa ach captaén an áthruig, an fear a bhí t'réis í tréigean i lár bágha.
    Chuaidh sé go bos is go cruaidh ortha é sgaoile ar bórd, gur dhearmhad sé rud éigin áirighthe na dhiaidh innte. Ach má seadh is mó lá go leighfeadh Seán Joe na goire é. Dá bhfuigheadh sé a chos ar bórd airís ní bheadh aon bheann aige ar Sheán Joe, ná aon "claim" ag Seán Joe ar an árthach. Ach bhí fios a athanta aige Seán Joe cómh maith leis an gCaptaén. Bhí Seán Joe ar leabaidh a bháis na dhiaidh san nuair a tháinig £300 chuige - a chion de'n airgead de bharr a shaothair - ag saothra an áthruig sin. Fear teann teagartha a b'eadh Seán Joe agus é fada lúbach láidir acmhuineach gníomhach agus plaosg mór dearg air. Bhíodh seana mhná buncala ana bhuidheach de. Ní raibh sgilling riamh na phóca ná roinneadh sé ortha agus i dtaobh éisg dó níor ghádh dóibh aon dínnear tur a dh'ithe an fhaid a bhí breac aige Seán Joe. Bhí rian air
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Language
    Irish