Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall míle ó'n Daingean cois fairrge tá áit ar a dtigtar Parlus Neans De Brún. Is mór agus is iongantach na sgéalta a bainneann leis.
Tá lios inaice leis agus deirtear go bhfuil bóthar fé thalamh ag dul ó'n bpárlús ann. Baineadh feidhm as seo in am troda. Ó'n áit sin bhí radharc mait aca ar bágh an Daingean. Is minic a bíodh na ceadta i gcoiméad ann. 'Sé a thárla lá nuair a bhí Neans De Brún í Rínn Beag ar an dtaobh eile tamall maith thar fairrge. Cuir sí a chois ar an gcairrigh agus tá a rian ann fós. Do dhein sí saghas párlús ann agus do caith sí a shaoghal ann. Nuair a bhí síg ag fághail bháis do chuaidh sí suas ar cairrigh agus do thuit sí isteach sa bfairrge. Deirtear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mach Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Loch, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mach Dómhnall
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Loch, Co. Chiarraí