Scoil: Scoil na mBráthar, An Daingean (uimhir rolla 16703)
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. P. Ó hAragáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear in Dún Síon fadó agus bíodh sé ag obair ar na bóithre. Lá amháin ní raibh aon tobach. Do bhí fear ón mbaile ag dul go dtí an Daingean...”
Ainm an té do bhailigh.
Pádruigh Ó Muircheartaigh.
Dún Síon.
Ainm an té do thug.
Bean Uí Muircheartaigh.
Dún Síon.
Bhí fear i nDún Síon fadó agus bíodh sé ag obair ar na bóithre, lá amháin ní raibh aon tobach. Do bhí fear ón mbaile ag dul go dtí an Daingean. Do thugh sé fiacha an tobach do agus cuaidh sé féin ag obair ar an mbóthar. Do tharla nár tháinig an fear go raibh an tobach aige abhaile an bóthar ceadhna go raibh an fear ag obair in-aon-chor. Do bhí sean-droichead in-aice leis an áit go raibh an fear ag obair. Do chuaidh sé fé ó cith báistíghe. Tréis tamaill do connaich sé bean ar an dtaobh eile de'n droichead agus pípa 'na béal aice. Do cuaidh sé anonn cuiche agus d'iarraidh sé gal de'n phípa uirthe. Do thugh sí dó é agus nuair a bhí sé ullamh léi dúbhairt sí leis teacht aon uair ná beadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruigh Ó Muircheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Séann, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Muircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dún Séann, Co. Chiarraí