Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)
- Suíomh:
- Dealgain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Riain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dealgain
- XML Leathanach 048
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair ámháin thug fear uasal feasta do sagart agus i rith an bhfeasta cé tháinig go dtí an doras ach bacach. Chuaidh an fear uasal go dtí an doras agus dubhairt sé leis teacht isteach go dtugadh sé piosa de'n fanncaigh dhó. Nuair a bhí siad criochnuighthe dubairt siad leo (lei) féin go mbfearr dóibh fhághail amach cé a gheobhfadh an lóistín is fearr an oidhche sin. Chuaidh an triúr acú go dtí crosbhóthaire annsin agus chuaidh ceann acu bothair amháin agus ceann eile acu bóthar eile agus thóg an ceann eile
bóthar eile. Nuair a bhí an féar uasal ag siubhal dó féin cas beirt mná leis agus coineál in a lamha acu. Thug siad an fear uasal go dtí teach mhór agus bhí oidhche breágh aige ann. Ní raibh an bacach inann lóistín a fhághail chor ar bith acht í dtíg na muc. Chaill an sagart a bhealach agus chuaidh sé isteach í gcláis gainimh agus bhí air greim a fhághail ar crann ionnus nach dtuitfhadh sé isteach insan abhainn a bhí in aice an gcláis go dtí gur tháinig an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- P. Monaghan
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Lorgain, Co. na Gaillimhe