Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)
- Suíomh:
- Dealgain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Riain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dealgain
- XML Leathanach 135
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí muilneór in na chómhnaide in Éirinn leis féin i dteach beag i gcoill mhóir. Bhí an sean-fhear an crosta agus bhíodh sé ag troid lé daoine gach lá. Oidhche amháin tháinig sean-bhean isteach go dti a theach. Bean aosta a bead í agus dubhairt sí leis go raibh a dhearbharair marbh in Americá. Níor chreid an sean-fhear an bhean. Sídheóg a beadh í. Dubhairt sí leis arís go raibh a dhearbharair marbh. Fuair an sean-fhear bata a bhí inaice an dorais agus dubhairt sé leí. "Bí ag dul as seo go marbhuig mé thú leis an bata mór seo". Níor imthigh an sídheóg. Tamall in a dhiaidh sin chuaidh sé amach as a theach agus dubhairt sí leis an sean-fhear nuair bhí sé ag dul amach. "Beidh tú go h-an tinn
ambhárach adeir sí. Nuair a tháinig am mhaidin bhí an sean-fhear go h-an tinn agus bhí sé tinn as sin amach agus níor bhuail sé ar aon duine as sin agus bhíodh se ag smaoineadh ar an sídheóg i gcómhnaidhe.- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Lochlainn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Cluain Each, Co. na Gaillimhe