Scoil: Dealgain (uimhir rolla 11770)
- Suíomh:
- Dealgain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Riain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dealgain
- XML Leathanach 025
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)béigin dó greim a fhághail ar chrann ar nós nach dtuithfeadh sé isteach ins an abhainn a bhí in aice an chlais go dtí gur tháinig an mhaidin. Ar maidin chas an triúr le chéile arís ag an gcrosbhóthar agus bhí fear eile annsan agus dinnis siad a sgéal dó. Dúbhairt sé leis an bhfear uasal "Cén áit ar chaith tusa an oidhche aréir"? ar seisean" agus d'innis sé
a sgéal dó agus ar d'aitneocann an bheirt mhnaoi sin" ar seisean."Níor aithneochainn" ars an fear uasal. "Sin iad do bheirt driothur a bhfuair bás cúpla bliain ó shoin agus bhí tú suas ar neamh aréir. Dúbhairt sé leis an bacach annsan "Cén áit ar chaith tusa an oidhche"? ar seisean. "Bhí tusa ag iarraidh déirce a fhághail ó'na daoine a bhí níos boichte ná thú féin. Dubhairt sé leis an sagart annsan "Cén áit ar chaith tusa an oidhche"? "Bhí mé ag dul amugha ar feadh na h-oidhche agus
béigin dom greim a fhághail ar chrann agus agus thóg mé liom cupla duilleóga den crann. "Agus cabhail siad"? adeir an fear
leis " "Tá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- T. O Máirtín
- Aois
- 94
- Seoladh
- Dealgain, Co. na Gaillimhe