Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Leathanach 332
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt ann fadó agus bhí siad an-bhocht. Oidhche amháin bhí siad a suidhe cos na teineadh ní raibh aca acht píosa beag bagúin ar an bhfriochtán. Tar éis tamaill chualadar torann thuas ins an simléir agus nuair a bhreath[naigh] siad suas chonnaic siad firín beag a raibh caipín dearg agus cóta glas agus bróga a raibh búclaí orra.
Dubhairt sé go dtiubhradh sé rogha doibh ar rud ar bith a d'iarrfadh siad. Annsin d'iarr an bhean go mba mhaith léi dá mbeadh lán friochtán de mhaoracha aicí i n-ionad an píosa bagúin. Ní túisce ráidhte ná déanta [ní] raibh na focla as a béal aici ná bhí na maonacha ag fiuchadh ar an bhfriochtán.
Tuige arsan fear nár iarr tú rud maith in-ionad na maoracha sin. Faraoir gan iad ar bharr do shróine. Ní raibh acht sin ráidhte aige nuair a bhí na maoracha greamuighthe do bharr a sróine. Rith sí suas thart timcheall an urláir agus í ag sgreadach, acht ní raibh aon mhaith de ann mar bhí an dara rud iarrtha aca. Annsin d'iarr an fear go mba mhaith leis dá mbeadh na maoracha imthighte as a amharc.
Leis sin d'imthigh na maoracha suas an simléir agus bhíodar chomh bocht anois, agus bhíodar ar dtús.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Íarnáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Foraí Maola, Co. na Gaillimhe