School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 332

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 332

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 332
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt ann fadó agus bhí siad an-bhocht. Oidhche amháin bhí siad a suidhe cos na teineadh ní raibh aca acht píosa beag bagúin ar an bhfriochtán. Tar éis tamaill chualadar torann thuas ins an simléir agus nuair a bhreath[naigh] siad suas chonnaic siad firín beag a raibh caipín dearg agus cóta glas agus bróga a raibh búclaí orra.
    Dubhairt sé go dtiubhradh sé rogha doibh ar rud ar bith a d'iarrfadh siad. Annsin d'iarr an bhean go mba mhaith léi dá mbeadh lán friochtán de mhaoracha aicí i n-ionad an píosa bagúin. Ní túisce ráidhte ná déanta [ní] raibh na focla as a béal aici ná bhí na maonacha ag fiuchadh ar an bhfriochtán.
    Tuige arsan fear nár iarr tú rud maith in-ionad na maoracha sin. Faraoir gan iad ar bharr do shróine. Ní raibh acht sin ráidhte aige nuair a bhí na maoracha greamuighthe do bharr a sróine. Rith sí suas thart timcheall an urláir agus í ag sgreadach, acht ní raibh aon mhaith de ann mar bhí an dara rud iarrtha aca. Annsin d'iarr an fear go mba mhaith leis dá mbeadh na maoracha imthighte as a amharc.
    Leis sin d'imthigh na maoracha suas an simléir agus bhíodar chomh bocht anois, agus bhíodar ar dtús.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0750A: The Wishes
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Íarnáin
    Gender
    Female
    Age
    45
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Na Foraí Maola, Co. Galway