School: Naomh Séamus (Freeport)
- Location:
- An Chéibh, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maolruanaí
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Séamus (Freeport)
- XML Page 343
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tamall fada ó shoin bhí áit ins an bhfairrge na raibh gach long ag dul síos, agus ní raibh fhios ag an gcomhluadar céard a bhí ag teacht ortha. Dubhairt captín amháin dá bhfuigheadh sé a rogha rud go bhfuighead sé amach céard a bhí ann agus dubhairt an gcomhluadar go dtiubhradh.
Fuair sé long agus tuagh mór a raibh 10 dtona de mheadhchain innte. Chuaidh sé go dtí an áit in-a raibh na longa ag dul síos. Thosuigh an fuireann ag faire. Connaiceadar eascon mhór agus chuir sé a chloigeann suas thar an long agus thosuigh sé ag fáisceadh síos. Annsin d'árdughadh an tuagh agus leigeadh síos é agus rinneadh dhá leith dhó.- Informant
- Peadar Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 48
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Cheapach, Co. Galway