School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 303

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 303
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí capall agus carr aige. Bhí sé an- bhocht. Lá amháin shiubhal sé síos ag an dtug agus chuaidh sé ag obair. Tar- éis trí lá fuair sé coróin. Lá amháin bhí sé thíos ag an dtug agus tháinig long mór isteach. Thoisigh an fear ag cainnt leis an gcaiptín "cé'n sórt ualaighe atá agat" adeir an fear. "Plúir atá agam" adeir an caiptín. Do cheannuigh an fear bocht an plúir ar ceithre scór agus leath-céad punt. Thug sé an coróin do'n chaiptín agus dubhairt sé go dtiocfadh sé ambhárach leis an gcuid eile. Tar-éis trí seachtmhaine chuir an caiptín an máta chuig an teach. Chuaidh sé isteach sa teach agus bhí an fear bocht ag ithe aráin. "Tá bord annseo agam" adeir sé agus ní thiubhrad go aon duine é ar 50 scór punt. Bhí go leor puill sa teach agus bhí go leor gabhar taobh amuigh. Nuair a chuaidh an máta síos ag an dtug dubhairt sé leis an gcaiptín go raibh go leor fuinneóg air agus go leor saighdiúr taobh amuigh.
    Lá ar na bhárach chuaidh an fear bocht go dtí an dtug agus tháinig fear agus cheannuigh sé leath de'n ualach agus thug sé dhá chéad punt dó. Nuair a tháinig an caiptín arís thug an fear an t-airgead dó agus bhí sé saidhbhir as sin amach.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Informant
    Máirtín Ó Fáthartaigh
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile an Mhóinín Thiar, Co. Galway