School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 312

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 312
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal Grinn
    Bhí bean san áit agus dubhairt sí mála cnótha a chur faoi na cloigeann. Nuair a cailleadh an bhean cuireadh mála cnótha faoi na cloigeann Bhí fear ins an mbaile agus bhíodh sé i gchomhnaidhe ag fiadhach. An oidhche seo chonnaic sé beirt agus iad ag caorach agus dubhairt dubhairt sé leo go rachadh sé ag ithe na cnótha. Bhí cláiríneach ar an mbaile agus bhí triúr mhac aicí. An oidhche seo bhi an chéad mhac amuigh ar cuairt agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile chuala sé an bhean ag ithe na cnótha. Nuair a tháinig sé abhaile d'innis sé an sgéal d'á mháthair agus níor chreid sí é.
    An oidhche seo bhí an dara mac amuigh agus dubhairt sé an rud céadhna. An oidhche seo bhí an tríomhadh mac amuigh agus dubhairt sé an rud céadna léi Annsin dubhairt sí leis go rachadh sí síos go dtí an áit. Nuair a chuala an fear ag teacht iad thosuigh sé ag ithe na cnotha. Nuair a chuala an cláiríneach é bhuail sgannradh í. Thosuigh an bhean ag rith agus is túisge a bhí sí sa mbaile ná an mach Tar-éis tamaill tháinig ceathrar dochtúir óga agus bhí carr agus capall aca.
    Nuair a tháinigeadar go dtí an áit a bhí siad ag cainnt le chéile cé bhéarfadh ar an gcapall Chuala an fear taobh istigh iad ag cainnt. Tháinig sé amach agus dubhairt sé go mbéarfadh sé fein ar an gcapall Nuair a chonnaic na dochtúir é thosuigh siad ag rith abhaile Annsin tar-eis tamaill cuir an fear an capall agus an carr ar canntáil. Annsin fuair sé culaith éadaigh. Nuair a bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Folktales index
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Cuirrín
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Troscaigh Thoir, Co. na Gaillimhe