Scoil: Naomh Séamus (Freeport)
- Suíomh:
- An Chéibh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maolruanaí
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bean bocht agus a mac ann fodó. Ní raibh tada aca leis an gcíos a íoc acht bó amháin.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agus suas leis an bharr an chrann, agus chonnaic sé casán ag dul go caisleán aoibhinn áluinn.
Tháinig sé anuas agus lean an casán go dtáinig sé chomh fada leis an gcaisleán. Bhuail sé cnag ar an ndoras agus tháinig bean amach. Dubhairt sí gur chomhnuigh fathach annseo. Dubhairt sí leis a theacht isteach agus thug sí píosa aráin dhó. Níorbh bhfada gur chualadar an fathach ag teacht. Chuir sí an buachaill i bhfolach san oighean mar bhí faitchíos uirrí, dá bhfeiceadh an fathach é mar go n-íosfadh sé é. Tháinig an fathach isteach agus d’iarr sé an raibh a dhinnéar réidh. Dubhairt sí go raibh agus leag sí anuas aige é. Nuair a bhí an dinnéar ithte aige, d’iarr sé a málaí airgid agus thosigh sé ag comhaireamh an airgid agus thit sé a chodhladh.
Amach leis an mbuachaill agus sgiob sé mála leis agus as go bráth leis abaile. Bhí áthas ar a mhátháir nuair a chonnaic sí ag teacht é. An chéad lá eile tharla an rud céadhna acht chuir sé rud éigein ar a éadan chaoi nach n-aithneaochadh sí é. Acht an uair seo d’iarr an fathach a cearc a bhéarfadh na h-uibheacha óir dó, acht an uair seo, nuair a thuit an fathach a codhladh sgiob an buachaill leis í agus chuaidh sé abhaile.An tríomhadh lá chuir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Iornáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Na Foraí Maola, Co. na Gaillimhe