Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Lochlannach agus an t-Éireannach.
Bhí long ag seóladh fadó agus racluigheadh í agus báthadh na daoine aiste. Tháinig aon Éireannach amháin slán go Críoch Lochlainn aiste. Bhí sé lá ag siubhal nuair a tháinig sé go dtí garraidhe a raibh daoine ag craitheadh féir ann.
"Éireannach thú" ar siad-san. "Seadh" ar seisean "agus tá mé ag iarraidh lóistin go maidin" "Ní againn-ne atá comhairle ar an teach chor ar bith" arsa duine aca "acht ag mo sean-athair atá istig ar a leaba agus tá an t-amharc caillte aige le aois. Nuair a chraitfheas sé láimh leat deanfhaidh sé smudar dhe le gráin ar Éirinn, acht seo cnáimh capaill dhuit agus coinnigh in do láimh í."
Nuair a tháinig sé isteach chraith an sean-fhear laimh leis agus rinne sé smúdar don chnáimh chapaill. "Muise cén áit in Éirinn a rugadh thú" ar seisean "In Uachtar Árd má bhí tú ariamh ann" "Bhíos go deimhin. An bhfuil fhios agat cá bfhuil cnoc Leitir Creamh. Tá uain sa gcnoc sin agus tá cú agus slabhra óir uirthe tiar ann agus luichín, sgathán agus rásúr. Cuirfhidh mé long go h-Eirinn leat má thugann tú an luichín, an sgathán, agus an rásúr chugam acht ná bain leis an gcú. Bainfidh tú trí maide i gcoill na n-uileann agus caithfidh tú amach i Loch Mhám Aon iad atá níos doimnhe ná neamh na n-éall" Thug sé an long dhó le teacht anall agus purs leis an luch a chur siar ann. Tháinig sé go dtí an cnoc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seóirse Cartuir
- Inscne
- Fireann