Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Toibhreaca BeannuightheFuair mé an méid seo seancus ó mo mátair, agus fuair sise ó na máthair fhéin a thug turas ann. Tá trí no ceathair de tobhair beannuighthe sa bparáisthe seo. Tobhar Dhoire an Bhrosg i Leitirmoir. Tobhar Mámh Aon i Mám Aon. Tobar Cirán i GCill Cireán.1. Tobar Doire na Bhrosg
Tá sé suidhthe taob amuigh de coill i gcriatrach tuairim sé mhile on sgoil seo. Níl lá áithire ar bith le turas a thabhairt ann anois act bíodh fadó. Deir lucht an t-seancuis gur uair éighin sa bfogmar a tugaidís an turas.
Uair amáin bhí sochraidh i Leitirmoir agus an lá a raibh an corp dhá cuir nigh bean a cosa sios sa tobar a bhí sa roiligh. Dimtigh an t-uisge as an roilig agus táinig se amach annsiud. Sé naom Maoilín atá luaidhthe leis an /\ sin acht deir daoine eile go b'é naom Padraigh atá luaidhthe leis. Bíod turas dhá thabhairt an t-amh seo den bhlian fadó acht níl anois, mar bí troid ann lá phátrúin fadó. Más fíor de lucht an t-seancuis bí an abainn atá ag gabhail siar maol dearg le fuil de bhárr na trodha.
Sé an t-ainm a bhí ag muinntir ar an troidh ná 'caitheadh na bponann' mar ní fághadh oireadh is dornán amáin coirche sa mbaile nar bhuail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seosamh Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe